Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí.

Measúnú Rangbhunaithe: Turas

Is ionann an Measúnú Rangbhunaithe seo agus toradh na hoibre ar tugadh fúithi i gceithre shnáithe an ghearrchúrsa Timpeall an Domhain in Ochtú Lá. Ba cheart tús a chur leis an Measúnú Rangbhunaithe i ndiaidh an obair sna ceithre shnáithe a chur i gcrích.

Tabharfar deis don scoláire na scileanna a d’fhoghlaim sé i rith an ghearrchúrsa a úsáid nuair atá an turas ar cheantar sa phobal áitiúil nó sa phobal níos leithne á phleanáil agus á ullmhú. Ceantar is díol spéise don scoláire a roghnaíodh i snáithe 1 a bheidh sa cheann scríbe a roghnófar. Déanfaidh an scoláire taighde agus cinnfidh sé modhanna iompair, ríomhfaidh sé an costas lena mbaineann agus sainaithneoidh sé na rudaí atá riachtanach don turas. D’fhéadfadh comhoibriú le daoine eile a bheith ag teastáil chun taighde a dhéanamh ar an turas, eolas a fháil faoi, é a phleanáil agus a eagrú.  Cuireann sé sin le muinín, forbraíonn sé scileanna maireachtála neamhspleácha agus spreagann sé idirghníomhú sóisialta le daoine eile. Tugann sé deis chomh maith scileanna a léiriú in oibriú leis an teicneolaíocht dhigiteach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.